Ionad : Ionad Siopadóireachta, Árd Chaoin, Bóthar Dhún Mór.
Duine Teagmhála : Sinead Cummins
Uaireanta oifige : Féach anseo
Fón : 051-849755
Ríomhphost : library@waterfordcity.ie
Soláthríonn Leabharlann Árd Chaoin áis gheal bheomhar do dhaonra an taoibh seo den Chathair.
Seirbhísí:
I dteannta leabhair, irisí agus nuachtáin, tá dlúthdhioscanna, leabhair chlósmhairc, DVDs, físeanna agus CD-ROMs ar iasacht agus thart is daichead tréimhseachán fé raon leathan caithimh aimsire agus spéiseanna.
Tairiscítear toghadh acmhannaí teangeacha do lucht foghlamtha, mar shampla Gaoluinn, Iodáilis, Breatnais, Gearmáinis, Spáinnis, Ungáiris agus Urdu. Is féidir cúrsaí nách bhfuil againne fé láthair a fháil freisin do dhaoine trí iarratas a chur isteach.
Tá inrochtaineacht Idirlín saor in aisce do dhaoine fásta ar fáil ar ocht PC anois agus is féidir iad a chur in áirithe le linn seisiúin caoga neomat trí glaoch ar 051-849755.
Internet Acceptable Use Policy.
Tá áiseanna scanta optúla ( Zoom Text, Jaws agus Kurzweil 1000 ) ar fáil chun cabhrú le daoine dalla agus leo siúd le mallachar radhairc nó éagumas eile mar san. Tuilleadh eolais fúthu ar fáil ag comhaltaí na foirne leabharlainne.
Ar fáil san ionad tagartha deisiúil tá áiseanna fótachóipeála a mbíonn á úsáid ag micléinn is taighdeoirí. Tá roinnt tolg ar fáil dóibh san ar mhaith leo nuachtán nó iris a léamh, nó
a scíth a ligint ag éisteacht le ceol.