Skip nav | As Béarla | Ríomhphost
This image shows our offices at High Street, Waterford.
Clicking on this image will bring you to a larger map of the location

Cartlann na Cathrach

Ionad : Cartlann na Cathrach, High Street, Phort Láirge.
Uaireanta : Luan go hAoine, 9am-1pm & 2pm-5pm trí choinne amháin.
Duine Teagmhála : Donal Moore
Fón : 051-843123
Ríomhphost : archives@waterfordcity.ie

An bhfuiltear ar eolas gurbh é Comhairle Cathrach Phort Láirge ar cheann de na chéad údaráis áitiúla sa tír cartlann chathartha a chur i ngníomh? Ní haon ionadh áfach, nuair a cuimhnítear ar cé chomh fada, saibhir agus éagsúil is atá stair na cathrach so. Tá formhór ár líon ábhair liostaithe anois agus táthar ag réiteach go leanúnach banc sonraí inchuardaithe de chineálacha taifead áirithe.

Is iad ár bpríomh ghabháltais ná :

  •  Taifid Bhárdas Phort Láirge, 1650í - 1990í.
  •  Mapaí den chathair féin agus den cheanntar máguaird ón seachtú aois déag anuas.
  •  Pleananna agus líníochtaí de mórán foirgneamh sa chathair, idir chinn láithreacha agus chinn atá beartaithe, ón 18ú aois anuas.
  •  Breis is cúig mhíle cló fótagrafacha de foirgnimh, sráideanna, eachtraí agus daoine ó 1870 anuas.
  •  Taifid scoile Chnoc Síon, Scoil Naomh Pádraig, Scoil Naomh Eoin.
  •  Taifid Chumann Lucht Tráchtála Phort Láirge, 1780í anuas.
  •  Taifid na gCoimisinéirí Cuain, 1810í-1970í.
  •  Taifid an Ospaidéal Máithreachais, Airmount, 1820í-1950í.
  •  Breis is seachtó bailiúchán beaga, idir chinn phríobháideacha agus cinn eile ó fundúireachtaí éagsúla.